Oifig na Gaeilge
Is é Aonghus Dwane Oifigeach Gaeilge an Choláiste, a oibríonn go lán-aimseartha chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide! Is féidir dul i dteagmháil leis ag gaeloifig@tcd.ie
Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Bíonn an tOifigeach Gaeilge ag obair le Coiste na Gaeilge sa Choláiste chun an aidhm seo a bhaint amach. Tugann an Oifig tacaíocht d’obair an Chumainn Ghaelaigh. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do húdaráis agus do phobal an Choláiste mar gheall ar an Acht Teanga, agus soláthraíonn an Oifig seirbhís aistriúcháin Gaeilge do bhaill foirne. Chomh maith leisin, tá an cúram ar an Oifig scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn a riaradh.
Tá leathnach Facebook ag an Oifig ag www.facebook.com/GaeloifigTCD, agus suíomh gréasáin ag www.tcd.ie/gaeloifig

