An Cumann Gaelach

Is í príomh aidhm an Chumainn Ghaelaigh an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide. Eagraíonn An Cumann Gaelach go leor imeachtaí i rith na bliana dóibhsiúd atá líofa sa Ghaeilge, dóibhsiúd atá ar bheagán Gaeilge agus dóibhsiúd le suim sa teanga.

Bíonn go leor ar siúl ag an gCumann Gaelach le linn na bliana, mar shampla,

  • Díospóireachtaí
  • Drámaí
  • Club Leabhar
  • Turais (turas go Oireachtas na Samhna, turas campála, turas chun na Gaeltachta)
  • Oícheanta dírithe ar mhic léinn na chéad bhliana
  • Ceolchoirmeacha
  • Céilithe
  • Lámhach Millíní Péinte
  • Tóg Amach Mé
  • Léachtanna Filíochta
  • Bricfeasta Gaelach
  • Cainteanna ó aoi-chainteoirí, m.sh. Mícheál Ó Muircheartaigh agus Gabriel Rosenstock

Gach Máirt, bíonn ciorcal comhrá ar siúl i Seomra na Gaeilge agus tá míle fáilte roimh chách. Is deis í seo feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus aithne a chur ar bhaill an Chumainn.

Ma tá aon cheist agat nó má tá tú ag iarraidh ballraíocht a fháil, is féidir ríomhphost a sheoladh go eolas@cumann.ie

Suíomh Gréasáin an Chumainn Ghaelaigh - www.cumann.ie

This page is part of the Gaeilge sa Choláiste section.